•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Trí Léargas
Tugtar léargas dúinn sa sliocht seo ar an saol i mbruachbhaile rachmasach meánaicmeach i mBaile Átha Cliath. Tá an chlann sa sliocht saibhir agus tá an chuma air go bhfuil siad go léir sona sásta, ar an taobh amuigh.
• Is léir go bhfuil na luachanna céanna ag gach duine sa cheantar, seachas corrdhuine ar nós máthair Emma, Eibhlín, atá difriúil.
• Bíonn na comharsana in iomaíocht le chéile cé nach ligeann éinne orthu go bhfuil.
• Is léir freisin go bhfuil an t-údar ag aoradh an sórt saoil agus cultúir seo agus go bhfuil sí ag magadh faoin tseoinínteacht agus faoi na réamhchlaonta atá le brath i mbruachbhailte meánaicmeacha.
Maidir leis na ráitis thuas, faigh fianaise agus samplaí ón téacs a léireodh fírinne na ráiteas. Mar shampla: tá na luachanna céanna acu mar caitheann na mná go léir smidiú agus éadaí deasa: ‘Ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ... agus éadaí deasa.’
Coimhlint agus teannas
Tá coimhlint agus teannas idir Ruán agus a mháthair cé nach n-admhaíonn siad é. Ceapann Ruán go mbeidh an chóisir ‘crap’ ach ní deir sé é seo lena mháthair. Tá an teannas idir é féin agus a mháthair le brath freisin nuair a deir sé go gcuireann sí lagmhisneach air. Tá teannas le brath idir é féin agus an tUasal Mac Gabhann freisin. Ní maith leis é. Is léir nach bhfuil Ruán go hiomlán ar a shuaimhneas sa timpeallacht mheánaicmeach seo.