1. Cén fáth gur cheap an cat gur éan é, nó duine? An gcreideann tú é sin? 2. An bhfaca tú an scannán 'Babe’? An bhfuil aon chosúlachtaí idir 'Babe' agus an cat?
3. Cad a tharla nuair a shuigh sé chun boird? Cén sort gaoil a bhí aige lena úinéirí?
4. Cén fáth nach raibh na héin cáirdiúil leis? 5. Cén fáth gur léim sé? An gceapann tú go ndéanfadh cat rud chomh hamaideach leis sin?
6. Cén fáth go raibh na colúir ag canadh? An raibh áthas nó brón orthu? Pléigh sa rang.
7. An gceapann tú gur siombal é an cat? Cad dó a sheasann sé? 8. An bhfuil ceacht le foghlaim ón dán seo? Cad é? 9. Briseann an dúchas trí shúile an chait. An fíor é seo? Pléigh.
Rugadh Cathal Ó Searcaigh i nGort a’Choirce, i nGaeltacht Dhún na nGall, sa bhliain 1956. Ba pháiste aonair é agus tógadh le Gaeilge é. Bhain sé céim amach sa Léann Cheilteach in Ollscoil Mháigh Nuad agus chaith sé seal i Londain agus i mBaile Átha Cliath sular bhog sé ar ais chuig a áit dhúchais. Chuir sé an-suim sa Neipeal agus thosaigh sé ag caitheamh tréimhsí ansin freisin. Scríobh sé leabhar
ag cur síos ar a thréimhse ann, ‘Seal i Neipeal’ (féach lth 258) Tá suas le deich gcnuasach filíochta leis i gcló. Tá sé aerach (homaighnéasach).