is a shíleann gairdín a choinneáil mar iad, go baileach. Beireann sí deimheas ag an uile rud a fhásann. Ní maith léi fiántas.
Ní fhoighníonn le galar ná smál ná féileacán bán ná piast ag piastáil
is ní maith léi an bláth a ligfeadh a phiotail ar lár. Cuirim feochadáin chuici ar an ngaoth
Téann mo sheilidí de sciuird oíche ag ithe a cuid leitíse. Síneann na driseacha agamsa a gcosa faoin bhfál. Is ar an bhféar aici siúd a dhéanann mo chaorthainnse cuileanna glasa a thál
Tá bean béal dorais a choinneodh a gairdín faoi smacht ach ní fada go mbainfimid deireadh dúil dá misneach.