Léigh na giotaí seo a leanas. The Irish Times: Foilsítear leathanach Ghaeilge san Irish Times ar a dtugtar Bileog ar an gCéadaoin. Tá cnuasach de na hailt Ghaeilge a fhoilsítear sa Times le fáil ar leathanach idirlín an pháipéir (www.irishtimes.com), chomh maith le clár plé. Is gá íoc as an tseirbhís seo, áfach.
Comhar: Tá meascán den chritic, den scríbhneoireacht chruthaitheach agus de chúrsaí reatha le fáil san iris mhíosúil seo atá á foilsiú ó na daichidí i leith. Seoladh: 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2; www.iriscomhar.com
Saol: Nuachtán míosúil atá saor in aisce ina bhfuil fógraí, leathanach d’fhoghlaimeoirí, pictiúir agus scéalta. Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2; www.gaeilge.ie/saol
Beo!: Iris mhíosúil é seo atá á foilsiú ar an idirlíon ó mhí Bealtaine 2001. Faigheann Beo! cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. www.beo.ie
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: gach mí
gan chostas
chomh maith le tá … de dhíth
Cleachtadh scríofa
Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas. 1. Tá sé saor ____ aisce.
2. Is clár faoi chúrsaí ___________é Primetime. 3. Is ______ íoc ____ an tseirbhís seo. 4. Rugadh mo mháthair ______ daichidí. 5. Tá ________ leathan ábhar ___ fáil sa nuachtán Seachtain. 6. ____________ an nuachtán Seachtain uair sa tseachtain. Is nuachtán ____________ é. 7. Tá an iris Comhar ____ foilsiú ó na _______________ i ________. 8. Tá an _________ Seachtain san Irish Independent gach Céadaoin.
Ceisteanna 1. Cén míbhuntáiste a bhaineann le suíomh idirlín an Irish Times? 2. Cén sort ailt a fhoilsítear san iris Comhar? 3. Cathain a bunaíodh an iris? 4. Cén costas atá ar an nuachtán Saol? Cé chomh minic is a fhoilsítear é?