Éist leis an gcomhrá seo le Caitlín agus Gabriella agus freagair na ceisteanna seo a leanas (RTE iclub).
Ceisteanna 1. Cá ndeachaigh Caitlín ar scoil? 2. Cén teanga a labhraíonn sí sa bhaile? 3. Cár fhoghlaim Gabriella a cuid Gaeilge? 4. Cá oibríonn Caitlín? Cá úsáideann sí a cuid Gaeilge? 5. An gceapann Gabriella go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis?
Cleachtadh scríofa
Anois freagair na ceisteanna seo fút féin: 1. Cathain a thosaigh tú ag foghlaim Gaeilge? 2. An raibh tú riamh sa Ghaeltacht? Ar thaitin sí leat? 3. Ar fhreastail tú riamh ar choláiste samhraidh? Ar thaitin sí leat? 4. An gceapann tú go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis?
Deis comhrá An maith leat an Ghaeilge?
Is breá liom an Ghaeilge mar: Is teanga cheolmhar í. Is í ár dteanga dhúchais í. Is í teanga ár sinsear í.
Labhraíonn go leor daoine óga í.
Bhí mé sa Ghaeltacht agus thaitin sé go mór liom.
Is cuid dár n-oidhreacht í. Tá a dteanga féin ag gach tír eile. Táim bródúil aisti.
Is fuath liom an Ghaeilge mar: Tá sí an-deacair.
Ní labhraítear í mórán níos mó. Tá sí sean-fhaiseanta. Caithfidh mé í a fhoghlaim. Ní úsáidim í riamh.
Tá an Béarla idirnáisiúnta.
Nílim go maith ag foghlaim teangacha. Níl aon suim agam inti.
Anois freagair an cheist thuas ag úsáid na nathanna sin. Scríobh alt ar an ábhar. Féach freisin lth 224.
222 TUMADH TEANGA
Scríobh ceisteanna do Thráth na gCeist sa rang bunaithe ar an eolas thuas faoi na Gaeltachtaí. Mar shampla: Cá bhfuil Indreabhán? Cad í an Ghaeltacht is lú?