Téigh tríd an dán agus cuir líne faoi gach séimhiú. Abair i gceart é. Léigh an dán cúpla uair os ard ag athrú fuaime nuair a bhíonn séimhiú ann.
Ar an gcéad léamh
1. Cad atá á lorg ag an bhfear sa chéad véarsa? 2. Cad atá á lorg ag an mbean sa dara véarsa? 3. An bhfuil siad ag súil le rudaí éagsúla ón bpósadh? 4. I do thuairimse, cén sórt duine é an fear sa dán seo? Cén sórt duine í an bhean? Déan cur síos orthu. Mínigh cén fáth a gceapann tú é sin.
5. An dóigh leat go bhféadfadh pósadh sona a bheith acu? Cén fáth? 6. An gceapann tú gur réiteach maith é scarúint? 7. Cad é meon an fhile i leith an cholscartha, dar leat? An aontaíonn tú leis? 8. An maith leat an dán seo? Cén fáth?
Rugadh Pádraig Mac Suibhne in Ard a’ Rátha i gCo. Dhún na nGall. Is múinteoir, file agus scríbhneoir é a bhfuil dúil mhór sa drámaíocht agus san aisteoireacht aige. Tá trí chnuasach filíochta agus cúpla cnuasach gearrscéalta foilsithe aige. Tagann an dán seo as an gcnuasach Solas Uaigneach.