Cleachtadh éisteachta 2: na hÉireannaigh nua Éist agus líon na bearnaí.
Bhí sé _____ sa _____ le seachtain anuas ag ullmhú don _____. Síneach a bhí ar an 26ú Eanáir i mbliana. Réitigh na páistí bord speisialta le _____ agus _____ a rinne siad le cabhair ó Mhamaí Ryan Leong. Tá buachaill amháin Síneach agus beirt ó Vítneam sa naíonra. Bhain na páistí go léir an-taitneamh as, agus ghléasadar go léir suas don chóisir. Rinne siad Balla Mór na Síne a thógáil leis an _____. Chabhraigh an ceiliúradh go mór le caidreamh Sín-Éireannach, agus gan dabht beidh an triúr óg mar Ambasadóirí Gaelacha dúinn _____. An tseachtain seo chugainn beidh siad ag ullmhú do Lá ‘le Bríde: Molaimid an _____!
Iarradh ort caint a thabhairt do do chomhscoláirí chun iad a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. (Féach lth 222)
Tús
‘A chairde, ba mhaith liom fáilte a chur romhaibh go léir. Is mise ... agus tá an-áthas orm bheith anseo inniu chun labhairt libh faoin nGaeilge. Pléifidh mé ár bhféiniúlacht agus labhróidh mé faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas. Luafaidh mé ansin na deiseanna fostaíochta atá ar fáil anois do dhaoine óga le Gaeilge. Beidh mé ag caint ar dtús faoin oidhreacht shaibhir atá againn agus faoin tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht sin a chaomhnú. Ansin tabharfaidh mé samplaí de rudaí beaga is féidir leat a dhéanamh chun do shaol a Ghaelú. Má theastaíonn uaibh aon cheist a chur, beidh mé thar a bheith sásta bhur gceisteanna a fhreagairt.