Mo ghrá go daingean tu! Lá dá bhfaca thu ag ceann tí an mhargaidh, Thug mo shúil aire dhuit, Thug mo chroí taitneamh duit D’éalaíos óm charaid leat I bhfad ó bhaile leat.
(ii)
Is domhsa nárbh aithreach: Chuiris parlús á ghealadh dhom Rúmanna á mbreacadh dhom Bácús á dheargadh dhom, Brící á gceapadh dhom, Rósta ar bhearaibh dom, Mairt á leagadh dhom;
Codladh i gclúmh lachan dom Go dtíodh an t-eadartha Nó thairis dá dtaitneadh liom
• •
N •
(iii)
Mo chara go daingean tu! Is cuimhin lem aigne An lá breá earraigh úd Gur bhreá thíodh hata dhuit Faoi bhanda óir tarraingthe Claíomh cinn airgid – Lámh dheas chalma – Rompsáil bhagarthach – Fír-chritheagla