CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Sláinte agus Spórt
An ghramadach i gcomhthéacs Claoninsint
Cum abairtí le ‘Ba chóir’ nó ‘Níor chóir’ (nó ‘Níor chóir an iomarca…’). Mar shampla: Ba chóir glasraí a ithe./Níor chóir tobac a chaitheamh.
An tAinm Briathartha
Sa chaint indíreach úsáidtear an t-ainm briathartha in áit an modh ordaitheach a úsáid. (Féach lth 60)
dún è dúnadh caith è caitheamh
Tá briathra ann a mbíonn cuspóir ag gabháil leo. Glan an bord (bord = cuspóir) Ith do dhinnéar (dinnéar = cuspóir) Dúirt mé leat an bord a ghlanadh. Ba chóir duit do dhinnéar a ithe.
Athraíonn ‘ná’ go ‘gan’ mar seo a leanas. Ná dún an doras. Ná caith bruscar. Dúirt mé leat gan an doras a dhúnadh. Iarrtar ort gan bruscar a chaitheamh.
Ceacht
Scríobh na habairtí seo a leanas sa chlaoninsint ag tosú le ceann acu seo: Ba chóir, ba cheart, is gá, caithfear, dúirt me leat, iarrtar ort, ná déan dearmad Mar shampla: Caith crios sábhála è Ba chóir crios sábhála a chaitheamh. 1. Cuir dlíthe níos déine i bhfeidhm. 2. Cuir níos mó áiseanna ar fáil. 3. Tabhair aire don timpeallacht. 4. Bain an ceadúnas tiomána de. 5. Ná tóg drugaí. 6. Ná caith tobac. 7. Eagraigh feachtas feasachta. 8. Cuir ar an eolas iad. 9. Athraigh an éide scoile. 10. Fás do ghlasraí féin.