Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis. Scéim Inimirce Dhílleachtaí go dtí an Astráil 1848
1. Tháinig go leor Éireannach chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta faoi scéimeanna
inimirce éagsúla. 'Scéim
comóradh ar na mallaibh ar scéim inimirce amháin ar ar tugadh
Rinneadh Inimirce
Dhílleachtaí an Ghorta Mhóir'. Cuireadh tús leis an Scéim Inimirce Dhílleachtaí ar 6 Deireadh Fómhair 1848, nuair a tháinig long darb ainm an Earl Grey i dtír i gCuas Sydney, agus 183 bean óg Éireannach ar bord. Thóg a n-aistear as Plymouth ceithre mhí. Dílleachtaí ó thithe na mbocht ba ea na mná óga seo agus ní ba dhéanaí, tháinig beagnach ceithre mhíle bean óga Éireannacha eile as na tithe chun na hAstráile faoin scéim. Bhí na mílte duine i dtithe na mbocht in Éirinn sa bhliain 1848 - go leor dílleachtaí ina measc - mar gheall ar an nGorta Mór. Ag an am céanna, bhí cúpla fadhb ag na húdaráis sa choilíneacht Astrálach. Sa chéad dul síos, bhí ganntanas oibrithe go ginearálta, ach
ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 11
go háirithe searbhóntaí tí. Bhí éagothroime freisin idir líon na bhfear agus líon na mban, agus b’údar imní í seo do dhaoine áirithe.