Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachais tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Bhí tuairisc sa pháipéar faoi thaighde Patrick Clancy ar na daoine a théann ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal, agus is bocht an scéal é maidir leis an gcomharsanacht ina bhfuil DCU. Ach i 1992, d’fhreastail 17.5% d’aos óg Bhaile Munna agus Fhionnghlais ar oideachas tríú leibhéal. Sa stát ina iomláine, téann beagnach 50% de mhic léinn Ardteiste ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, ach tá an figiúr thíos faoi 40% do lár na tíre (contaetha mar Uíbh Fháilí agus Laois), agus thuas ag 57% i gcás na Gaillimhe agus 77% i gcás Charraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath.
Bunaithe ar alt as Beo! le Emma Ní Bhrádaigh
Faigh agus foghlaim Cad is brí leo seo a leanas: teacht i dtír
deis Cleachtadh scríofa
1. Tabhair trí thoradh ón suirbhé a rinneadh. 2. Cad a deir sé faoi rannpháirtíocht in oideachas tríú leibhéal? Cleachtadh ceapadóireachta
Anois scríobh d’aiste féin. Pioc ceann de na teidil seo a leanas. Téigh go hAonad na nAistí agus foghlaim foclóir agus leagan amach.
Díospóireacht: Déantar leatrom ar dhaltaí áirithe sa chóras oideachais atá againn. Is córas lochtach é an córas oideachais atá againn sa tír seo. Aiste: Laethanta scoile – na laethanta is fearr i do shaol. Alt: Chuir tú agallamh ar sheandaoine faoina laethanta ar scoil. Scríobh alt bunaithe ar an agallamh sin. Caint: Scríobh an chaint a thabharfá do dhaltaí sa chéad bhliain agus tú ag fágáil na scoile.