•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Deich Ceacht 1 Scríobh amach agus cuir an fhoirm cheart den bhriathar sa phíosa seo.
Dá mbeinnse i mo thaoiseach (cuir) dlíthe níos déine i bhfeidhm le dul i ngleic le coiriúlacht. (Tabhair) níos mó cumhachtaí do na gardaí agus (gearr) téarmaí fada príosúnachta ar mhangairí drugaí. (Athraigh) na dlíthe agus (déan) infheistíocht i gceantair faoi mhíbhuntáiste. (Cuir) acmhainní agus áiseanna ar fáil do dhaoine óga. Ní dóigh liom go bhfuil dóthain á déanamh chun dul i ngleic le fadhb na coiriúlachta.
Ceacht 2 Scríobh na habairtí seo amach agus cuir an leagan ceart den bhriathar isteach.
1. Dá (ith) daoine níos lú bia próiseáilte (caill) meáchan agus (ísligh) an ráta murtaill sa tír.
2. Dá (cuir) an Roinn Oideachais níos mó acmhainní ar fáil do scoileanna (tar) feabhas ar an scéal.
3. Dá (cuir) na gardaí dlíthe níos déine i bhfeidhm (feabhsaigh) cúrsaí. 4. Dá gcuirfí áiseanna ar fáil do dhaoine óga ní (bí/siad) ag ól agus ag bradmharcaíocht go mall san oíche.
5. Dá (éist) daltaí lena múinteoirí (foghlaim/siad) a lán. 6. Dá (caith) daoine óga níos lú ama os comhair scáileán agus níos mó ama amuigh faoin aer (bí/siad) níos sláintiúla.
Ceacht 3
Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do thaoiseach? 2. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d’aire sláinte? 3. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d’aire oideachais? 4. Cad a dhéanfá dá mbuafá an Crannchur Náisiúnta? 5. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d’aire dlí agus cirt?