•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Cúig
Tréithe na máthar • Is duine dearóil, truamhéalach í an mháthair.
• Tá sí cosúil le páiste óg ceanndána: Deir sí ‘Caithfidh mé imeacht’ faoi dhó.
• Tá sí mífhoighneach (‘Cá bhfuil Nóra?’)
• Tá sí gátarach, easpach, mar is léir ón tslí ina gcuireann sí ceist sí go faiteach ar Catherine ‘an mbeidh tú abhaile don tae?’ Is léir ón radharc gearr seo go bhfuil an mháthair imithe in aois agus go bhfuil Catherine ina cónaí léi.
• Is léir freisin gur duine deacair í an mháthair agus go bhfuil Catherine cráite aici.
• Feicimid nach bhfuil saol baile éasca ag Catherine agus b’fhéidir gurb é sin an fáth nach bhfuil aon fhoighne aici leis an bhfear dall agus nach bhfuil sí cineálta leis. Is dócha go gcuireann an fear dall a máthair i gcuimhne di.
Eolas fánach
Ciallaíonn an nath ‘cuireann sé soir mé’ he drives me mad (literally, he drives me east) Is giorrú é ar ‘Cuireann sé soir go Béal Átha na Sluaighe mé’. Bhí an t-aon ospidéal meabhairghalair san iarthar i mBéal Átha na Sluaighe. Sin an áit a théadh aon duine a raibh meabhairghalar air nó uirthi. Deireadh muintir Chonamara ‘Tá sé imithe soir’ nuair a theastaigh uathu a rá ar bhealach deas go raibh duine i dteach na ngealt!
Bealaí eile chun é sin a rá: • cuireann sé déistin orm • cuireann sé as dom • cuireann sé isteach orm • cuireann sé le báinní mé • tá mé cráite aige
Cleachtadh scríofa 1. Déan cur síos ar dhuine a chuireann ‘soir’ thú!
2. Scríobh amach na tréithe thuas ag cur ‘Tá a fhios againn’ nó ‘Is léir’ roimh gach ceann: Mar shampla: Is bean ghairmiúil í: Is léir gur bean ghairmiúil í; Tá sé dall: Tá a fhios againn go bhfuil sé dall (Féach lth 6).
3. Úsáid na nótaí thuas chun peannphictiúr a chumadh den dá phríomhcharachtar. I gcás gach tréithe díobh, tabhair fianaise ón scannán a léiríonn an tréith sin: Mar shampla: Tá sé leithleasach. Cé go bhfuil a fhios aige go bhfuil Catherine ag léamh, leanann sé air ag caint léi. Freisin, iarrann sé uirthi caife a fháil dó.