Is breá le gach duine scannán maith, ach go dtí le déanaí, is beag scannán Gaeilge a bhí ar fáil. Dá bhrí sin, d’eagraigh TG4 i gcomhair le Bord Scannánaíochta na hÉireann comórtas ‘Oscailt’, ag lorg scripteanna do ghearrscannáin as Gaeilge. Roghnaíodh deich gcinn agus tá siad ar fáil anois ar DVD. Seo ceann acu. Is gearrscannán Éireannach é 'Cáca Milis' agus is iad Brendan Gleeson agus Charlotte Bradley atá sna príomhpháirteanna.
Stiúrthóir: Jennifer Keegan Léiritheoir: Brian Willis Scríbhneoir: Brian Lynch Aisteoirí:
Charlotte Bradley Brendan Gleeson Eithne McGuinness Phyllis Ryan
Ciabhán Ó Murchú Igloo Films a dháileann, 2001 Éire
Ceisteanna ar chéad fhéachaint 1. Cén sórt duine í an mháthair? 2. Cén sórt iníne í Catherine? 3. An maith leat Catherine? 4. An maith leat Paul? 5. An bhfuil trua agat dó ? 6. Cad iad na mothúcháin a mhúsclaíonn an scannán ionat? 7. Ar thaitin an scannán seo leat?