•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Dó An ghramadach i gcomhthéacs
Tabhair faoi deara! An Chopail
Is é … téama an dáin seo. Is iad … na mothúcháin is láidre sa dán seo. Mothúcháin
Is dócha gurb iad cumha agus uaigneas i ndiaidh an tsaoil ar an oileán na mothúcháin is láidre atá le brath sa dán seo. Tá an file ag smaoineamh ar na radhairc éagsúla is cuimhin leis ar an oileán. Is dócha, mar a tharlaíonn go minic, gur cuimhin leis an áilleacht ach go ndearna sé dearmad ar chruatan agus ar anró an tsaoil sin.
Léirítear freisin an suaimhneas agus an tsástacht a bhaineann le saol simplí, nádúrtha an oileáin, áit a mbíonn gach duine i mbun oibre ag saothrú a chuid.
Ceisteanna 1. Cad is brí leis na nathanna aibhsithe? Cuir in abairtí iad (Féach ar lth 456). 2. Cad a bhí mar théama leanúnach i ndánta an Direánaigh? 3. Tabhair roinnt eolais faoin bhfile. 4. Cad é téama an dáin? 5. Cad iad na mothúcháin atá le brath sa dán?