Taisteal agus an Eoraip Ceapadóireacht: óráid/caint
Thug tú cuairt ar thír éigin le gairid, agus iarradh ort caint a thabhairt don rang faoin tír sin. Scríobh an chaint a thabharfá do do chomhscoláirí fúithi.
nó
Tháinig scoláirí ó thír eile ar cuairt chuig do scoil. Iarradh ort caint a thabhairt dóibh faoi Éirinn agus faoin gceantar áirithe ina gcónaíonn tusa. Scríobh an chaint a thabharfá.
(Féach ar lth 38 mar chabhair) Plean
Tús na cainte: Beannú agus cur in aithne, ábhar na cainte a thabhairt (pointí) (Féach lth 442) Alt 2: Eolas agus sonraí ginearálta faoin tír: suíomh, acmhainní nádúrtha, gnéithe fisiciúla (sléibhte, aibhneacha, cósta) daonra, teangacha Alt 3: Stair na tíre agus na príomhchathracha, an sórt rialtais atá ann anois agus cé atá i gceannas faoi láthair Alt 4: Cultúr agus daoine: gnéithe spéisiúla den chultúr, príomhthréithe na ndaoine ó do thaithí féin, ealaíontóirí, scríbhneoirí, litríocht, reiligiún agus creideamh na ndaoine. Alt 5: Na háiseanna agus na hacmhainní atá ann, cad is féidir a dhéanamh ann, na háiteanna gur fiú cuairt a thabhairt orthu. Alt 6: Do thaithí féin sa tír – aon scéal agat? An fáth ar maith leat an tír/aon rud nach maith leat faoi Críoch: Buíochas a ghabháil, ceisteanna a spreagadh, slán a fhágáil (Féach lth 443)