Anois éist leis an bhfinné seo ag tabhairt a fhianaise faoin timpiste. Líon na bearnaí.
Bhí mé ag siúl síos an bóthar go dtí na siopaí liom féin nuair a chonaic mé leoraí ag _____ timpeall an choirnéal ar _____. Sciorr an leoraí agus bhuail sé in _____ an chairr. D’iompaigh an carr bun os _____ agus _____ é. Chuir mé glao ar na seirbhísí _____ agus rinne mé féin agus cúpla duine eile _____ dul i gcabhair ar na daoine sa charr. Bhí sé uafásach. _____ na paisinéirí a chloisteáil ag _____ agus ag caoineadh ach ní rabhamar in ann doras an chairr a oscailt. Níl a fhios agam cén _____ a thóg sé ar an otharcharr teacht ach faoin am a tháinig sé ní raibh gíog ná _____ le cloisteáil. Níl a fhios agam cé acu ba _____, an caoineadh nó an ciúnas.
An raibh tú riamh i dtimpiste nó san ospidéal? Scríobh alt faoi. Obair bheirte: rólghlacadh
Roinn an rang i ngrúpaí. Bíodh alt amháin ann do gach grúpa, agus bíodh ról ag gach duine sa ghrúpa. Beidh 10 nóiméad ag grúpaí leis an alt a léamh agus achoimre a scríobh. Ansin is féidir an t-alt a mhíniú don rang.
Léitheoir/achoimreoir: Caithfidh sé/sí an píosa a léamh os ard agus an achoimre a chumadh.
Scríbhneoir: Caithfidh sé/sí achoimre a scríobh (mórphointe).
Foclóir/Léitheoir: Caithfidh sé/sí focail a mhíniú agus an achoimre a léamh don rang.
Ba chóir don ghrúpa cúpla nóiméad a chaitheamh ag lorg brí na bhfocal aibhsithe freisin agus samplaí den ghramadach a fháil.
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT• An sléacht ar bhóithre na hÉireann
1. Tháinig titim i líon na ndaoine a maraíodh ar na bóithre anuraidh ach tá cúrsaí i ndiaidh dul chun donais i mbliana. Ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go gcuirfear iachall ar dhaoine a meon a athrú, go háirithe an t-aos óg.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: ísliú