CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Ceapadóireacht: alt nuachtáin/irise
Ceol
Léigh tú an t-alt sin agus chuir sé déistin ort. Scríobh freagra ar an alt ag cosaint daoine óga agus an ceol a n-éisteann siad leis.
Plean
Alt 1: Caithfidh mé a rá gur chuir an t-alt seo/le báiní mé/déistin cheart orm/ag smaoineamh mé.
Ní féidir liom aontú leis an údar nuair a deir sé/sí go... Cuireann sé déistin orm nuair a deir...
Níl fírinne dá laghad leis seo/Ní fíor go n-éisteann daoine óga le ceol mar sin.
Alt 2, Mórphointe 1: Ní chaitheann daoine óga an lá go léir ag éisteacht le ceol, mar a deir an t-údar, tá saol gnóthach acu. Bíonn siad ar scoil/ag staidéar/ag imirt cluichí/ag caint le cairde...
Alt 3, Mórphointe 2: Is masla é a rá go n-éisteann daoine óga le liricí gránna foréigneacha – éisteann daoine óga le gach saghas ceoil. Ar éist an t-údar riamh le liricí grúpaí ar nós ... agus...? Ar chuala sé/sí riamh trácht ar leithéidí...?
Alt 4, Mórphointe 3: Má éisteann tú le liricí áirithe, cloisfidh tú go bhfuil teachtaireacht láidir iontu. (tabhair samplaí) Tá liricí áirithe an-mhaith ar fad ag amhránaithe áirithe (tabhair samplaí). Is léir nach bhfuil aon chur amach ag údar an ailt ar .... Cuireann daoine óga iad féin in iúl tríd an gceol, mar shampla.... Bíonn dea-thionchar ag ceol ar dhaoine óga: sampla...
Alt 5, Críoch: Do thuairim arís, ní aontaíonn tú ar chor ar bith le húdar an ailt/ léirítear easpa tuisceana/i gcónaí ag caitheamh anuas ar dhaoine óga/ní maith leat an toin searbhasach a úsáideann sí/sé.