•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an Scrúdú
123. An gceapann tú go bhfuil an córas dlí cothrom sa tír seo? 124. An gceapann tú go bhfaigheann gach duine cothrom na féinne? 125. An ndéantar leatrom nó faillí ar aon duine sa tír? 126. An bhfuil géarleanúint á déanamh ar aon ghrúpa? 127. Cad a cheapann tú faoi chiníochas/aoiseachas/ghnéasachas? An gceapann tú go bhfuil éagóir á déanamh ar dhaoine ar bhonn aoise, cine, gnéis, reiligiúin nó ar aon bhonn eile?
Aonad 11 Bochtaineacht
128. Cad iad na fadhbanna is mó atá againn sa tír seo sa lá atá inniu ann, dar leat?
129. An gceapann tú go bhfuil fadhb mhór le bochtanas sa tír seo? 130. Deirtear gur tír den tríú domhan í Éire anois. Cad a cheapann tú faoi sin? 131. Cén réiteach atá ar fhadhb na bochtaineachta? 132. Cad a dhéanfása chun dul i ngleic le fadhb na bochtaineachta? 133. Cad is féidir linne a dhéanamh anseo in Éirinn chun cabhrú le daoine sa tríú domhan, meas tú? An bhfuil aon smaointe agat faoi sin?
134. Ar mhaith leat dul ag obair go deonach le cumann carthanachta? 135. Cad a cheapann tú faoi fhadhb na dífhostaíochta? 136. An gceapann tú go mbeidh post ann duitse nuair a fhágann tú an coláiste? 137. An gceapann tú go mbeidh ort dul ar imirce? 138. Ar chóir do na tíortha forbartha cabhrú leis na tíortha i mbéal forbartha? 139. Cad a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cabhrú leo?
Aonad 12: Timpeallacht 140. An bhfuil suim agat sa chomhshaol? / i gcaomhnú na timpeallachta?
141. Cad a dhéanfása chun astaíocht nó astú carbóin (lorg carbóin) na hÉireann a laghdú?
142. Cad a cheapann tú faoi dhaoine a chaitheann bruscar timpeall na háite? Cad a cheapann tú faoi dhumpáil mhídhleathach?
143. Cad a dhéanfá chun stop a chur leis seo? 144. Cad a cheapann tú faoi fhuinneamh in-athnuaite? 145. Cad a cheapann tú faoin gComhaontas Glas? 146. An gceapann tú gur fadhb mhór é an t-athrú aeráide? Cén tionchar atá aige ar an timpeallacht?
147. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh chun ár dtimpeallacht a chaomhnú? 148. An bhfuil aon chur amach agat (Do you know anything about) ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara? (bithéagsúlacht/éiceolaíocht srl)
149. An gceapann tú go bhfuil dóthain á déanamh ag an rialtas chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo?