Aonad a Sé Cleachtadh éisteachta 5: timpiste bhóthair
Mír 6.4 T52
Éist agus freagair na ceisteanna. 1. Cé mhéad duine a maraíodh aréir? 2. Cár tugadh na triúr paisinéirí a bhí sa charr? 3. Cad ba chúis leis an dtimpiste? 4. Cad a tharla do thiománaí an leoraí?
An ghramadach i gcomhthéacs
Saorbhriathar: Aimsir Chaite Briathra aonsiollacha: cuir + eadh; tóg + adh Briathra déshiollacha: mar + aigh = mar + aíodh
Briathra Neamhrialta: Aimsir Chaite -(a)thas è fuarathas, chonacthas, thángthas, chualathas.
Ceacht 1 Líon na bearnaí:
_____ corp fhir óig ar maidin i bpáirc i gCo. Chill Dara. Ceaptar gur _____ é agus gur _____ a chorp ansin i gcarr. _____ an corp go dtí an mharbhlann chun scrúdú iarbháis a dhéanamh air. _____ beirt eile i dtimpiste bhóthair i gCo. na Gaillimhe agus _____ an tiománaí. _____ go dtí an t-ospidéal é agus _____ amach é, ach _____ ansin é agus _____ é le tiomáint dhainséarach. _____ ar bhannaí é ar choinníoll nach dtiomáinfidh sé aon fheithicil go dtí go dtiocfaidh a chás chun na cúirte.