•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Trí
Rialacha Níl cead tobac a chaitheamh.
Níl cead bróga reatha a chaitheamh. Níl cead guma a chogaint.
Níl cead fón póca a bheith agat sa rang. Níl cead an scoil a fhágáil ag am lóin.
Níl cead deochanna súilíneacha a ól. Caithfear obair bhaile a dhéanamh. Caithfear an éide scoile a chaitheamh. Caithfear éisteacht sa rang. Caithfear treoracha a leanúint.
An ghramadach i gcomhthéacs
An tAinm Briathartha Féach ar na briathra sa liosta thuas. Tugtar ‘an t-ainm briathartha’ ar an gcuid sin den bhriathar. Is é an chuid chéanna den bhriathar a leanann ‘ag’.
Tá sé ag caitheamh tobac: Níl cead tobac a chaitheamh. Seo mar a dhéantar an t-ainm briathartha.
-amh seasamh
caitheamh déanamh
smaoineamh -adh
glanadh dúnadh briseadh canadh
-áil
tógáil fáil
íoslódáil fágáil
-aint/úint cogaint leanúint seachaint féachaint
• Cuirtear ‘t’ le roinnt briathra: labhairt, tabhairt, seachaint • Briathra aonsiollacha a chríochnaíonn le -igh: suí, ní, luí
Samplaí
Dún an doras: Dúirt mé leat an doras a dhúnadh. Caith tobac: Níl cead tobac a chaitheamh.