•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an Scrúdú
67. An éisteann tú le Raidió na Gaeltachta/Raidió na Life/Raidió Rí-Rá? 68. An léann tú Seachtain nó aon iris nó nuachtán Gaeilge eile? 69. An gceannaíonn do thuismitheoirí aon nuachtán?An léann tú aon nuachtán? 70. An gceapann tú go bhfuil an iomarca tionchair ag na meáin ar an aos óg? 71. An bhféadfá maireachtáil gan d’fhón póca?
Aonad 6: Sláinte 72. An itheann tú bia sláintiúil?
73. An gceapann tú go n-itheann daoine óga bia folláin? / An dtugann siad aire don tsláinte?
74. An itheann tú mearbhia go minic? 75. Cad a cheapann tú faoi fhadhb an mhurtaill? / faoi neamhord itheacháin? 76. Cad a cheapann tú faoi fhadhb an óil i measc daoine óga? 77. Cén fáth a dtosaíonn daoine óga ag ól agus ag tógáil drugaí dar leat? 78. An bhfuil fadhb mhór óil nó drugaí i do cheantar? 79. Conas is féidir réiteach a fháil ar an bhfadhb seo, dar leat? 80. An ndéanann tú cleachtadh coirp? 81. Cad é do thuairim faoin slad ar na bóithre? An gceapann tú go dtiomáineann daoine óga ar ardluas? Conas is féidir a chur ina luí ar thiománaithe óga a bheith níos cúramaí?
82. An raibh tú riamh i dtimpiste/san ospidéal/go dona tinn? Inis dom faoi. 83. An maith leat spórt? 84. Cén sórt spóirt a imríonn tú? 85. Cé mhéad uair sa tseachtain a imríonn tú é? 86. An raibh tú riamh ag cluiche peile? / i bPáirc an Chrócaigh? Déan cur síos air. (Mura raibh, déan cur síos ar spórt eile a chonaic tú beo: .i. leadóg/cispheil/ dornálaíocht srl)
87. Cén tairbhe a bhaintear as spórt a imirt? 88. An bhféachann tú ar spórt ar an teilifís? 89. Cad a cheapann tú faoi spórt iomaíoch? An bhfuil an iomarca béime ar bhuachan? 90. Ar chóir do spórt a bheith gairmiúil ná amaitéarach? Ar chóir d’imreoirí CLG a bheith gairmiúil? Cad é do thuairim faoi sin?
91. Cad a cheapann tú faoi dhrugaí i gcúrsaí spóirt? / faoi lúthchleasaithe a thógann drugaí?
92. An maith leat na Cluichí Oilimpeacha? 93. Cé hé an phearsa spóirt is fearr leat? Inis dom faoi.
Aonad 7: Gaeilge 94. An maith leat an Ghaeilge? 95. An labhraíonn tú Gaeilge riamh/go minic?
96. Cad a cheapann tú faoi thodhchaí na Gaeilge? An dóigh leat go mbeidh sí á labhairt i gceann fiche bliain?