•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Ceathair
65if I fail 66I’m just a stranger
67go deo, ever
Míoda: Nach bhféadfadh mé corrphort a chasadh i leataobh sráide má chinneann orm65 chaoi.
– gheobhainn a oiread is a choinneodh mé ar aon
Séamas: Ní bheidh ortsa é sin a dhéanamh. Nach bhfuil scoil ort? Gheobhfása post in oifig go héasca? Ní bheidh ortsa gabháil ó dhoras go doras.
Míoda: Is dóigh gur fíor duit é. Ach cén fáth a mbeifeása ag bacadh liom? Níl ionam ach strainséara.66
Séamas: Ní hea, ná ar chor ar bith. Seanchairde muid le deich nóiméad. Ní fhaca mé cailín taobh istigh den doras seo riamh cheana agus riamh i mo shaol, ní fhaca mé do leithéidse de chailín.
Míoda: Ach, is beag an chabhair a fhéadfas tú a thabhairt dom, a Shéamais. Dhá mhéad míle bóthair a fhéadfas mé a chur idir mé féin agus Baile na hInse, is ea is fearr. Agus casfaidh mé ceol i leataobh sráide má chaithim...
Séamas: Ní chaithfidh tú, ná choíche,67 a stór. (Sos) Cas port dom. B’fhéidir go dtosódh Binncheol féin nuair a chloisfeadh sé thú.