•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an Scrúdú
Dá mbeadh lá moille eile ar a neacht, agus níorbh uirthi an locht a bheith déanach, cuireadh in iúl di go mbeidís d’éis fáil réidh leis an gcorpán.
Cé gur iomaí cor gan choinne a ropann isteach go míthrócaireach i saol an duine, bhlais an t-uncail a chion féin ina bheo eisimirceach. Is faoi mo chomhthaistealaí a fágadh fadmhian a chroí a chomhlíonadh dó.
Ag ard nóin lá iar dtuirlingt na heitilte dodhearmadta.
Sheas an neacht le próca agus luaithreach a huncail istigh ann ar chiumhais na mara ag Cé an Phoirt Thuaidh.
(as Beocheist, The Irish Times, Dé Luain 2 Aibreán 2012, le Micheál W Ó Murchú)
Ceisteanna 1. Cá bhfuil sé suite? Conas a dhéanann an t-údar cur síos ar an eitleán? 2. Cé hiad na príomhcharachtair? Conas a dhéanann sé cur síos orthu? 3. Cén fáth ar fhág a huncail Éire? 4. An gceapann tú go bhfuil sochaí na hÉireann fós chomh cúngaigeanta is a bhí? 5. Cad é téama/aidhm an phíosa? An gcuireann sé ag smaoineamh tú? 6. Cad é an eachtra/an t-athrú/an buaicphointe/an denouement atá sa scéal? 7. An gceapann tú go n-oibríonn sé mar scéal? 8. An féidir leat smaoineamh ar theidil éagsúla a bheadh oiriúnach don scéal seo? Smaoinigh ar oiread teideal agus is féidir leat.
Anois scríobh do scéal féin faoi aon rud faoin spéir! Bain taitneamh as!
Is féidir stór nathanna agus frásaí a fhoghlaim de réir a chéile don aiste. Seo liosta nathanna as gach píosa ceapadóireachta sa leabhar. Téigh siar orthu go rialta.
Aiste 1: Saol an duine óig sa lá atá inniu ann (Aonad 1) Foghlaim agus úsáid na nathanna seo:
• Caithfear a admháil go bhfuil athrú mór tagtha ar... • Sa lá atá inniu ann... • Is iomaí athrú duine/fadhb a… • Ar na gcéad dul síos, féachaimís ar • Níl lá dá dtéann thart nach gcloistear... • Is é an chúis atá leis seo ná… • Is minic a bhíonn... • De réir tuairisce, is in olcas atá an scéal ag dul. • Tá saol an mhadaidh bháin ag… • De bharr.../dá bharr… • Nó níos measa fós... • Anuas ar sin… • Tá ... forleathan • I measc an aosa óig… • Is minic a bhíonn easpa féinmhuiníne… • Déanann siad aithris ar… • Aos óg an lae inniu…