Mo bhuanchara dílis Is cuimhin liom go maith an lá breá earraigh sin, Gur oir do hata go breá duit le banda óir á cheangail
Do chlaíomh le ceann déanta as airgead Do lámh dheas chróga
Bhí tú ag geaitsíocht go bagrach An-eagla go deo
ar do naimhde fealltacha Bhí tú réidh le dul ag sodar ar do chapall caol lena haghaidh bán
Chromadh na Sasanaigh síos go talamh romhat Agus ní hé le hómós duit
ach mar go raibh siad scanraithe as a mbeatha agat, Cé gurb iad a mharaigh tú, a stór mo chroí
(iv)
A mharcach leis na lámha bána D’oir biorán hata go maith duit é fite go docht le cáimbric nó línéadach agus hata faoi lása
Nuair a tháinig tú ar ais ó bheith thar lear, D’fhágadh gach duine an tsráid romhat agus ní hé mar gur thaitin tú leo ach mar go raibh fuath acu duit.
(v) Mo bhuanchara dílis!
Nuair a thiocfaidh do bheirt mhac abhaile Conchubhar beag atá chomh grámhar Is Fear Ó Laoghaire, an báibín Cuirfidh siad ceist orm gan mhoill Cár fhág mé tú, a n-athair Déarfaidh mé leo go brónach Gur fhág mé tú sa reilg i gCill na Martra Glaofaidh siad ar a n-athair
Ach ní bhéidh sé ann chun freagra a thabhairt orthu. 384 TUMADH TEANGA