Anuraidh chuaigh mé go Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach in Iarthar an Chláir, don chéad uair riamh. Dúirt mo chairde liom go mbíonn an craic go hiontach ann. Chláraigh mé do rang fidle. Seinnim an fhidil i ngrúpa ceoil i bPort Láirge. Bhí Oisín Mac Diarmada mar mhúinteoir agam, agus caithfidh mé a rá gur ceoltóir den scoth é. D’fhoghlaim mé a lán uaidh. Bhí na ranganna ar siúl gach maidin óna deich go dtí a haon.
Ach is ansin a thosaigh an spraoi! Tar éis lóin, chuamar go ceann de na tithe tábhairne ar an mbaile agus thosaíomar ag seinm. Is minic go raibh dhá nó trí sheisiún ar siúl sa teach tábhairne céanna. Bhí togha na gceoltóirí ó gach cearn den tír ann ag seinm agus roinneadar a dtalann go fial le foghlaimeoirí. Lean an ceol ar aghaidh go mall san oíche. Oíche amháin d’fhilleamar abhaile ag breacadh an lae!
Bhí an-chraic agam agus bhain mé an-taitneamh as. Beidh mé ar ais arís gan teip an samhradh seo chugainn.