bláth na n-airní blackthorn flower ocht dtroigh síos eight feet under róchóngarach too close síoda silk
deilgní thorns caora fíniúna grapes
Leagan próis Níl mo stór cosúil
le bláth na n-airní atá le feiceáíl i ngáirdín nó ar aon chrann.
Agus níl aon bhaint aige
le nóiníní–muna mbeidh siad ag fás as a chluasa nuair a chuirfear sa talamh é.
Níl a shúile cosúil le sruthán nó glaise binn: tá siad róghar dá chéile sa chéad áit.
Agus má tá síoda mín, tá a chuid gruaige
cosúil le 'wire' deilgneach.
Ach is cuma liom mar tugann sé úlla dom,
agus uaireanta, nuair a bhíonn fonn air, caora fíniúna.
Ceisteanna
1. Cad é ábhar an dáin seo nó cad é téama an dáin? 2. Níl a grá ‘mar bhláth na n-airní’. Cad atá i gceist aici leis sin? 3. Cad atá cearr lena shúile? 4. An bhfuil a grá dathúil, an dóigh leat? 5. Tugann sé úlla di. An seasann na húlla d’aon rud, i do thuairim? An gcuireann siad aon rud i gcuimhne duit? An tagairt iad d’aon rud?
6. Cad dó a sheasann na caora finiúna, i do thuairim? 7. Cén sórt duine é a grá sa dán seo? Cén sórt caidrimh nó gaol atá eatarthu? An bhfuil siad sona, an gceapann tú? An réitíonn siad le chéile?