•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hAon Déag
Sampla eile den tsaint is ea cogaíocht. Bíonn daoine santacha ag lorg cumhachta agus téann siad i muinín an fhoiréigin. Scriostar barraí, bia agus ainmhithe agus maraítear na mílte daoine, ach is cuma leo. Bíonn an tsaint níos láidre ná an daonnacht. Staitistic eile a chuirfidh ionadh agus uafás oraibh a chairde: an bhfuil fhios agaibh cé mhéad a chaitear ar airm agus ar chúrsaí míleata in aghaidh na bliana? $1055 billiún. Sea, a dhaoine uaisle, baineadh geit asamsa freisin nuair a chuala mé sin. An rud is measa faoin scéal ná nach gcosnódh sé ach $19 mbilliún chun stop a chur le gorta agus míchothú ar fud na cruinne, ach an bhfuil an cine daonna sásta an t-airgead sin a thabhairt? Níl! Is mór an náire é!
A chairde, tá an t-am ag imeacht agus caithfidh mé deireadh a chur le mo chuid cainte. Tá súil agam gur thug mé ábhar machnaimh daoibh agus go n-aontaíonn sibh liom nuair a deirim gurb í an tsaint is cúis leis an mbochtaineacht. Go raibh míle maith agaibh as ucht éisteacht liom.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: gan mórán
is éard is brí leis ná... mar thoradh air seo níos mó ná i gceannas
ag smaoineamh orthu féin amháin tíortha i bhfad uainn
na gnáthdhaoine a chónaíonn i dtír rudaí a bhfuil gá leo le maireachtáil (bia, uisce) ar fud an domhain
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
Cleachtadh ceapadóireachta Ceap aiste ar ‘An bhochtaineacht in Éirinn’ nó ‘An tríú domhan’.