•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Sé
Briathra gan chuspóir Briathra gluaiseachta
Mar shampla: suigh; seas; téigh; fan; imigh; tar; bí Suigh síos è Ba chóir suí síos Seas suas è Ba chóir seasamh suas Téigh amach è Ba chóir dul amach Bí ciúin è Ba chóir a bheith ciúin
Ná = gan Dúirt mé leat gan suí síos Dúirt me leat gan a bheith ag caint
Is briathar gan chuspóir aon bhriathar a thógann réamhfhocal ina dhiaidh: féach ar labhair le éist le cuir faoi inis do
Ba chóir féachaint ar an teilifís. Iarrtar ort labhairt le do mháthair faoi.
Ceacht
Cuir ‘Ba chóir', ‘Dúirt mé leat’, ‘Caithfear’, ‘Is gá’, ‘Iarrtar ort’, ‘Molaim duit’, ‘Abair léi’, ‘D’fhéadfá', ‘An féidir liom', ‘An bhfuil cead agam’ nó aon fhrása cuí roimh na habairtí seo agus athraigh mar is gá.
1. Féach ar an teilifís anocht. 2. Éist leis an gclár iClub ar Raidió na Gaeltachta. 3. Bí cineálta i gcónaí. 4. Suigh in aice na tine. 5. Inis dóibh faoi na deiseanna atá ann. 6. Fan sa bhaile. 7. Tar ar ais anseo. 8. Imigh go dtí an cluiche. 9. Cuir fút i dtír iasachta ar feadh tamaill.
10. Labhair le daoine óga faoina gcuid deacrachtaí. Cleachtadh scríofa
Anois scríobh alt ag tabhairt comhairle do dhaoine óga faoina sláinte. Tosaigh mar seo: ‘Deir an seanfhocal gur fearr an tsláinte ná na táinte agus is fíor sin. Sa lá atá inniu ann caithfidh gach duine aire a thabhairt dá shláinte agus drochnósanna a sheachaint. Ba chóir…’