CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hAon
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT• Eolas Fánach
Deirtear ‘Ar dheis Dé go raibh a anam uasal’ nó ‘Go ndéana Dia trócaire ar a anam’ nuair a fhaigheann duine bás. Is féidir é seo a scríobh ar chárta cuimhneacháin.
Mír 1.8 T8
Cleachtadh éisteachta 3: Pádraig Éist agus líon na bearnaí.
Seo Pádraig. Tá sé naoi ______ déag d’aois. Tá gruaig _______ air agus tá súile gorma aige. Is mac ______ é in Ollscoil Luimnigh agus tá sé sa dara _______ i gcúrsa Eolaíocht ________. Nuair a bhaineann sé an ______ amach, ba mhaith leis _______ feirmeoireacht agus feirm a athar a _______. Tá spéis aige sa chomhshaol agus sa cheol traidisiúnta. Is breá leis spórt freisin agus ______ sé ar ________ peile an Choláiste. Is duine stuama, ________ é agus réitíonn sé go maith ________ gach duine.
bliain • fhionn • mbliana • léinn • séimh fhorbairt • macánta • imríonn • dul le Thalmhaíochta • fhoireann • le • chéim
Faigh agus Foghlaim Faigh trí fhocal bhaininscneacha agus trí fhocal fhirinscneacha.
An ghramadach i gcomhthéacs 1. Séimhiú nó urú
Cén fáth a bhfuil séimhiú nó urú ar na focail ‘fionn’ agus ‘ceol’ agus ‘foireann’? i. Bíonn séimhiú ar aidiacht tar éis ainmfhocal atá baininscneach: bean mhór/ gruaig fhionn.
ii. Bíonn séimhiú tar éis ‘sa’ (ach amháin d, n, t, s – ‘dentals’): sa cheol. iii. Bíonn séimhiú tar éis réamhfhocail (ach amháin ag, as, chuig, le, go): ar fhoireann.
Féach Fócas ar an nGramadach (séimhiú agus urú) lth 430
2. An Chopail Úsáidtear ‘is’ le hainmfhocal Úsáidtear ‘tá’ le haidiacht
6 TUMADH TEANGA
Is mac léinn é. Tá sé cliste.
Is féidir aidiacht a chur leis an ainmfhocal: Is mac léinn cliste é.