Is each caol ceannann fút D’umhlaídís Sasanaigh Síos go talamh duit, Is ní ar mhaithe leat
Ach le haon-chorp eagla, Cé gur leo a cailleadh tú, A mhuirnín mh'anama
(iv)
A mharcaigh na mbán-ghlac! Is maith thíodh biorán duit Daingean faoi cháimbric Is hata faoi lása.
Tar éis teacht duit thar sáile Glantaí an tsráid duit, Is ní le grá dhuit
Ach le han-chuid gráine ort. (v)
Mo chara thu go daingean! Is nuair thiocfaidh chugham abhaile Conchubhar beag an cheana Is Fear Ó Laoghaire, an leanbh, Fiafróid díom go tapaidh Cár fhágas féin a n-athair. ’Neosad dóibh faoi mhairg Gur fhágas i gCill na Martar. Glaofaid siad ar a n-athair, Is ní bheidh sé acu le freagairt.
(vi)
Mo chara is mo ghamhain tu! Gaol Iarla Antroim
Is Bharraigh ón Allchoill Is breá thíodh lann duit, Hata faoi bhanda, Bróg chaol ghallda Is culaith den abhras a sníomhthaí thall duit.