Tá codarsnacht idir: mianta an fhir agus mianta na mná. Ba mhaith leis an bhfear bean ghrámhar sa bhaile, ina áit dhúchais ‘i nead a chine’ agus clann pháistí.
Tá an bhean ag lorg saibhris, stádais agus slí shofaisticiúil maireachtála. Tá sé soiléir go bhfuil siad ag lorg rudaí éagsúla ón gcaidreamh agus ní haon ionadh mar sin go socraíonn siad scaradh.
An ghramadach i gcomhthéacs Úsáidtear an Tuiseal Ginideach chun ‘of’ ‘nó ‘s a rá: An fear
An bhean
ach ach
Meadaracht
Tá meadaracht rialta ag an dán seo. Tá sé líne sa chéad dá véarsa, dhá bhuille i ngach líne agus comhfhuaim dheiridh idir gach dara líne síos tríd, go dtí an dá líne dheireanacha, ‘bean / gean / greann’; ‘cine / tine / clainne’; ‘bríste / císte / mílte’; ‘Fear / lear / searc’. Tá sé cosúil le rann do pháistí go dtí an dá líne dheire- anacha. Ansin briseann an mheadaracht nuair a scriostar an aisling agus nuair a scarann siad. Tá éifeacht ag baint leis an tslí ina n-úsáidtear an mheadaracht chun ábhar an dáin a chur in iúl. Tá codarsnacht idir an mheadaracht éadrom agus an t-ábhar dáiríre.
Dearcadh an fhile
Is léir gur dearcadh éadrom, neamhdhoimhin atá ag an bhfile i leith an cholscartha. Ní théann sé ródhoimhin isteach sa scéal. Ach léiríonn sé go mbíonn daoine ag súil le rudaí difriúla uaireanta i gcaidreamh pósta.
mianta an fhir the man’s desires mianta na mná the woman’s desires