Anois léigh na tuairiscí agus tomhas cé atá i gceist. An féidir leat cur leis na nótaí?
1. Is duine cliste stuama é. Tá sé rathúil ina chuid oibre, agus tá meas ag cách air dá bharr. Tá sé uaillmhianach agus is léir go bhfuil sé eolach agus glic. Is beag eile a fhoghlaimímid faoi sa sliocht. Cé hé?
2. Is duine géarchúiseach é. Tá sé gealgháireach, cairdiúil ach mar sin féin cuireann sé míshuaimhneas ar dhaoine. Cé hé?
3. Is duine neamhghnách í. Ní leanann sí an slua. Tá a stíl féin aici. Cé go bhfuil na mná eile go léir ar an mbóthar fionn, tá sise dorcha. Tá sí corr. Is duine suimiúil í agus músclaíonn sí ár bhfiosracht. Tuigtear dúinn gur duine í atá sásta bheith éagsúil. Cé hí?
4. Deirtear linn go bhfuil sé cliste agus dathúil. Ach is féidir leis bheith mímhacánta. Ní insíonn sé an fhírinne i gcónaí. Is dócha nach maith leis fearg a chur ar éinne mar sin insíonn sé ‘bréaga bána’ chun iad a shásamh. Tuigtear dúinn go bhfuil easpa féinmhuiníne air. Tá sé grámhar. Cé hé?