Tá go leor mothúchán le brath sa scéal: grá, áthas, brón, cumha, trua.
Tá grá ag Oisín agus Niamh dá chéile agus tá grá ag Oisín dá athair agus do na Fianna. Bíonn áthas orthu araon nuair a fhilleann siad ar Thír na nÓg agus nuair a phósann siad. Bíonn saol sona sásta acu i dTír na nÓg ar feadh na mblianta fada. Bíonn brón ar Oisín ag fágáil sláin ag a athair: ‘Shil na deora frasa anuas le grua Oisín’. Bhí Fionn croíbhriste ag fágáil sláin ag Oisín ‘D’imigh a ghné d’Fhionn ar scaradh lena mhac’. Ag deireadh an scéil tá Oisín dubhach brónach mar go bhfuil a fhios aige go bhfuil Fionn agus na Fianna marbh. Tá cumha ar Oisín i ndiaidh na Féinne. Braitheann Oisín Fionn agus na Fianna uaidh nuair a bhíonn sé i dTír na nÓg agus sin an fáth gur mhaith leis cuairt a thabhairt ar Éirinn. Nuair a thuigeann sé go bhfuil Fionn agus na Fianna imithe ar shlí na fírinne bíonn sé gruama, brónach agus suíonn sé leis féin ag ithe a bhéile. Tá trua ag Pádraig don seanfhear, Oisín. Tugann sé lóistín agus bia dó. Tá meas aige air. Ba mhaith leis na seanscéalta a chloisteáil uaidh faoi Éirinn roimh aimsir na Críostaíochta.
Codarsnacht Tá codarsanacht idir:
• An óige agus an tseanaois • An saol idéalach agus an gnáthshaol • Cumhacht na hóige agus laige na seanaoise • Grá Oisín do Niamh agus a ghrá d’Fhionn • An Phágántacht agus an Chríostaíocht