An bhean • Is bean tí í. • Tá frustrachas uirthi. • Bíonn fonn cainte uirthi. • Ní bhaineann sí sásamh as a cuid oibre. • Tá sí gátarach. • Tá sí cainteach. • Tá sí mí-mhacánta. • Tá tuairimí láidre aici. • Tá sí glic. • Tá sí amaideach.
An fear (Seán)
• Tá sé ag obair. • Tá sé ciúin. • Ní bhíonn fonn cainte air. • Tá sé drochbhéasach. • Tá sé míthuisceanach. • Níl meas aige ar a bhean. • Tá sé smachtúil. • Tá sé traidisiúnta. • Cuireann agóid eagla air. • Seachnaíonn sé agóid.
Féach ar na tréithe thuasluaite agus faigh samplaí ón téacs a léiríonn na tréithe sin. Scríobh aon tréith eile ar féidir leat smaoineamh uirthi.