CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•LABHAIRT Aonad a Cúig Déag
97. An gceapann tú go bhfuil meas ag daoine óga ar a n-oidhreacht? 98. An gceapann tú go bhfuil cultúr na hÉireann i mbaol – an Ghaeilge san áireamh?
99. Cad is féidir a dhéanamh chun daoine óga a spreagadh chun Gaeilge a labhairt?
100.Cad ba chóir don rialtas a dhéanamh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn?
101.An raibh tú riamh sa Ghaeltacht/ar choláiste samhraidh? Inis dom faoi. 102.Cad a cheapann tú faoi ghaelscoileanna?
Aonad 8: Taisteal
103. An ndeachaigh tú ar laethanta saoire aon áit an bhliain seo caite? Inis dom faoi.
104. An dtéann tú ar laethanta saoire go minic? An dtéann tú le do theaghlach? 105. An raibh tú riamh ar saoire thar lear? 106. Ar thaitin sé leat? Cad a thaitin/nár thaitin leat? 107. Cé acu is fearr leat, saoire thar lear nó saoire sa bhaile? 108. Cad iad na difríochtaí idir ________ agus Éire? 109. An bhfuil aon tír ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? 110. Cad í an tír is deise leat ar fad agus cén fáth? 111. Ar mhaith leat tréimhse a chaitheamh i dtír eile? 112. An gceapann tú gur maith an rud é taisteal? Ar chóir do dhaoine óga taisteal agus tréimhse a chaitheamh ag obair, b’fhéidir, i dtír eile?
Aonad 9: Saol na hOibre 113. Cad ba mhaith leat a dhéanamh nuair a fhágfaidh tú an scoil? Cén fáth? 114. Conas a bhainfidh tú cáilíocht amach? 115. An bhfuil na pointí ard don chúrsa sin? 116. An dóigh leat go mbeidh poist ar fáil amach anseo san earnáil sin?
117. Cad a rinne tú mar thaithí oibre san idirbhliain? Inis dom faoi, ar thaitin sé leat?
118. An raibh obair pháirtaimseartha nó post samhraidh agat riamh? An raibh an pá go maith? Cad iad na dualgais a bhí agat? Ar thaitin sé leat? Inis dom faoi ghnáthlá oibre*.
119. An bhfuil sé i gceist agat post samhraidh a lorg tar éis na hArdteistiméireachta?
Aonad 10 Cothrom na Féinne 120. An bhfuil fadhb le coiriúlacht sa cheantar seo? 121. Cad is cúis le foréigean ar na sráideanna/coiriúlacht dar leat?
122. An bhfuil aon réiteach ar an scéal? Cad a dhéanfása chun feabhas a chur ar chúrsaí? / chun dul i ngleic le coiriúlacht/foréigean?