• Is é seo an dara Gaeltacht is mó in Éirinn. • Tá daonra de 23,783 (Daonáireamh 2006) i nGaeltacht Dhún na nGall. Is ionann seo agus 25% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
• In 2008, bhí 2,475 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant - chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall.
• Ciallaíonn Dún na nGall ‘Dún na nEachtrannach’. Cén fáth, meas tú? • Is é ‘Tír Chonaill’ an seanainm a bhí ar an gcontae, i ndiaidh Conall Gulban. Féach ar Vicipéid chun eolas a fháil ar Chonall Gulban.
Logainmneacha: An Bun Beag, Gort a’ Choirce, Gaoth Dobhair, An Fál Carrach, An Clochán Liath, Gleann Cholm Cille, Na Cealla Beaga, Dún Lúiche, Leitir Ceanainn,
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, Toraigh, Cnoc Fola, An Craoslach