Teideal an dáin Réiteach dlí is ea colscaradh a ligeann do bheirt a bhí pósta (lánúin) scarúint ó chéile go buan. Focal atá go mór i mbéal an phobail is ea é. Is minic trácht ar cholscaradh i measc réaltaí scannáin agus daoine cáiliúla na linne seo agus tá sé níos forleithne anois ná mar a bhíodh sa tír.
Ábhar an dáin
Déanann an file cur síos sa dán ar an tslí ina mbíonn tuairimí éagsúla ag daoine ar an bpósadh agus nuair a bhíonn tuairimí éagsúla ag lánúin is minic a scarann siad dá bharr.
An rud is suntasaí faoin dán seo ná go bpléann sé ábhar tromchúiseach (serious) ar bhealach éadrom. Tá codarsnacht idir meadaracht éadrom, leanbaí an dáin agus ábhar an dáin. Athraítear an mheadaracht sa dá líne dheireanacha nuair a thagann an réiteach (colscaradh) aniar aduaidh* orainn.
Cleachtadh scríofa Cad is ciall leis na nathanna aibhsithe?
Eolas fánach *Tagann sé aniar aduaidh orainn (takes us by surprise/happens unexpectedly)
Tá an nath cainte seo bunaithe ar an ngaoth. De ghnáth, in Éirinn is í an ghaoth aniar aneas (southwesterly wind) an ghaoth is coitianta – éist le tuar na haimsire agus cloisfidh tú caint faoi go minic. Sa gheimhreadh tagann gaoth anoir aduaidh (northeasterly), ach is annamh a shéideann gaoth aniar aduaidh (northwesterly).
Mar sin, nuair a shéideann gaoth aniar aduaidh is rud neamhghnách, gan choinne (unexpected) é.