'Faighimid léargas sa dán seo ar mheon agus ar dhearcadh an fhile i leith na Gaeilge agus a dhúchas.' Pléigh.
Plean Alt 1: Óige an fhile. Alt 2: Dearcadh an fhile: gur ‘thréig’ sé an Ghaeilge Alt 3: Ní féidir leis an dá theanga a fhreastal: caithfidh sé cúl a thabhairt leis an mBéarla.
ü Freagra samplach
Is fíor go bhfaighimid léargas sa dán seo ar dhearcadh agus ar mheon an fhile i leith na Gaeilge. Rugadh an file i gceantar Ghaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh agus bhí an Ghaeilge timpeall air go dtí gur bhog an chlann go cathair Chorcaí nuair a bhí sé 15 bliana d’aois. Bhí sé timpeallaithe ag an mBéarla ansin agus is dócha gur Béarla ar fad a labhair sé sa chathair.
Sa dán seo, is léir go mbraitheann sé ciontach gur ‘thréig’ sé an Ghaeilge. Ba mhaith leis filleadh ar an nGaeilge: ‘Fill arís ar do chuid’.
Braitheann sé go bhful a intinn ‘salach’ nó truaillithe ag an mBéarla: ‘Nigh d’intinn is nigh / Do theanga’.
Ceapann sé gur chóir dó aithrí a dhéanamh agus dul ar faoistin. Braitheann sé ciontach mar go raibh sé mí-dhílis don Ghaeilge: ‘Dein d’fhaoistin is dein / Síocháin led ghiniúin féinig’.
Tuairim eile a léiríonn sé sa dán ná go gcuireann an Béarla isteach ar an nGaeilge. Molann sé ‘srathar shibhialtacht an Bhéarla’ a bhaint. Deir sé: ‘dún d’intinn’ agus cuireann sé an Ghalltacht i gcomparáid le ‘Gleann na nGealt’. Is léir nach gceapann sé gur cuid dá thraidisiún féin é saol an Bhéarla. Ba mhaith leis an saol sin a fhágáil agus filleadh ar a theanga dhúchais agus ar an nGaeltacht áit a mbíonn an Ghaeilge ‘ar bhéalaibh daoine’. Ceapann sé gurb é an Ghaeilge a ‘chló ceart’.
Níor cheap an file go bhféadfadh sé an dá thrá a fhreastal, go bhféadfadh sé glacadh leis an dá theanga. Roghnaíonn sé filleadh ar an nGaeilge.