CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•LABHAIRT Aonad a Cúig Déag
Aiste 2: Is mór idir inné agus inniu (Aonad 2) Foghlaim agus úsáid na nathanna seo:
• Bhí mé ag caint le … le déanaí • Thug sé faoi deara… • Is beag (duine) • Cé is moite de… • Thug sé ábhar machnaimh dom… • I gcomparáid le saol an lae inniu… • Cé nach raibh/cé go bhfuil… • Mar sin féin… • Tá an iomarca (brú ar…) • Bhí/tá buntáistí ag baint le… • Is fíor gur maith an scéalaí an aimsir.
Aiste 3: Níl an córas oideachais sa tír seo oiriúnach do shaol an lae inniu (Aonad 3)
Foghlaim agus úsáid na nathanna seo:
• Ní oireann sé do… • Is fíor go bhfuil roinnt den fhírinne sa ráiteas seo. • Tá dhá insint ar gach scéal • Agus mar sin de. • Níl aon dabht ach go… • I mo thuairim-se, is maith an rud é seo • Ar an lámh eile… • Caithfear a admháil go… • Ní chuirtear dóthain béime ar… • Pé scéal é… • Déantar iarracht (freastal ar…) • Féach timpeall ort/ní gá ach féachaint timpeall ort • Táthar ag caint le fada faoi… • Mo léan, níl ann ach caint san aer. • Tá sé in am ag an rialtas beart a dhéanamh de réir a mbriathar agus a ngeallúintí a chomhlíonadh
• Ní féidir gan … a lua • Ceapaim féin gur chóir go mbeadh… • Muna ndéantar é seo, is dúinn is measa é
Alt: Tionchar an cheoil ar an aos óg (Aonad 4) Foghlaim agus úsáid na nathanna seo:
• Féach ar/cuir ceist ar • (Is féidir leis ) … a chur faoi gheasa… • go huile is go hiomlán • Tá feabhas mór tagtha ar… • I ngan fhios do… • I bhfolach…