Léigh an sliocht seo as Réamheolaire Fochéime (Undergraduate Prospectus) Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Is cúrsa ceithre bliana é an BA sa Chumarsáid agus is é aidhm an chúrsa tú a chumasú don ré dhigiteach sna meáin, ina mbeidh teicneolaíocht cumarsáide ag teacht le chéile mar bhunchloch don tsochaí úr – sochaí an eolais. Déanfar sin trí shárscileanna praiticiúla a thabhairt duit san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, agus sna hilmheáin.
Déanfar do chumas teanga sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, a fhorbairt chun go sealbhóidh tú na scileanna teanga cuí le feidhmiú go gairmiúil sa mhargadh. Sa chéad agus sa dara bliain tugtar léargas agus oiliúint phraiticiúil duit ar na bunscileanna cumarsáide agus iriseoireachta. Sa tríú bliain beidh deis ag mic léinn bliain a chaitheamh i mbun socrúchán oibre in earnáil na cumarsáide.
Is deis é seo do mhic léinn léargas a fháil ar na hearnálacha ina mbeidh siad ag obair amach anseo. Déanfaidh siad teagmhálacha thar a bheith luachmhar agus sealbhóidh siad scileanna nach féidir a fháil ach san ionad oibre – scileanna a chabhróidh leo nuair a bheidh an cúrsa céime críochnaithe acu. Sa cheathrú bliain déanfaidh mic léinn taighde ar ghné ar leith den chumarsáid agus cuirfidh siad barr feabhais ar a gcuid scileanna.
Foclóir tú a chumasú to prepare you a fhorbairt develop cuí appropriate, relevant
tugtar léargas agus oiliúint phraiticiúil duit you are given practical insight and experience deis opportunity socrúchán preparation earnáil na cumarsáide the communications sector léargas a fháil gain insight an cúrsa céime the graduate course taighde ar ghné ar leith research in a particular field barr feabhais excellence