CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Ráth Chairn, Baile Ghib, Co. na Mí
An Ghaeilge
7
• Bunaíodh Gaeltacht na Mí sa bhliain 1935 nuair a chuir Rialtas na hÉireann talamh ar fáil do mhuintir Ghaeltacht na Gaillimhe.
• Is í Gaeltacht na Mí, ina bhfuil an dá bhaile Ráth Chairn agus Baile Ghib, an ceantar Gaeltachta is lú. Tá an dá bhaile seo cóngarach dá chéile agus tá siad in aice leis an Uaimh agus le Baile Átha Troim.
• Tá daonra de 1,591 (Daonáireamh 2006) i nGaeltacht na Mí agus is ionann seo agus 2% de dhaonra iomlán na Gaeltachta. Sna tríochaidí, tháinig thart ar 40 clann (443 duine) ó Chonamara go Ráth Chairn, mar tugadh talamh ansin dóibh. Tá na clannta seo fós ag labhairt Gaeilge agus tá siad ag mealladh daoine le spéis sa Ghaeilge chun cónaithe i Ráth Chairn. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.rathcairn.net.
Tá Gaeltachtaí eile i gCorcaigh, Maigh Eo agus i bPort Láirge. Téigh go suíomh idirlín Údarás na Gaeltachta (www.udaras.ie) chun tuilleadh eolais a fháil fúthu. Gheofar eolas faoi Ghaeltacht Bhéal Feirste ag www.culturlann.ie
Cleachtadh taighde
1. Faigh eolas faoi na Gaeltachtaí eile seo agus scríobh alt eolais futhú. 2. Foghlaim cad a chiallaíonn na logainmneacha éagsúla atá luaite.