CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Deis comhrá
Na Meáin Chumarsáide
Pléigh na ceisteanna seo a leanas leis an duine atá in aice leat nó i ngrúpaí agus tabhair aiseolas don rang.
• An gceapann tú go mbíonn an iomarca tionchair ag na meáin ar dhaoine óga? • An mbíonn tionchar ag na suíomhanna sóisialta (Facebook/Twitter) orthu? Má tá, an dea-thionchar nó drochthionchar é?
• An gcaitheann daoine óga an iomarca ama ar na suíomhanna sin? • An mbíonn tionchar ag na sobalchláir ar dhaoine óga? Conas? • Cad a cheapann tú faoi bhulaíocht ar an Idirlíon?
An ghramadach i gcomhthéacs An + urú
Ní + séimhiú
An bhféachann tú? Féachaim Ceacht
3. féach ar 4. éist le
Ní fhéachaim
Cum ceisteanna san Aimsir Láithreach, ag úsáid na mbriathra seo: 1. caith 2. léigh
Féachann. Is breá liom sobalchláir agus cláir ghrinn ar nós Modern Family agus Home and Away. Tá Home and Away ar an teilifís leis na cianta cairbreacha agus ní haon ionadh é mar baineann gach duine, idir óg agus aosta, sult agus taitneamh as. Tá sé suite san Astráil agus tá plotaí agus pearsana iontacha sa tsraith. Sa chlár grinn Modern Family, tá na carachtair an-réadúil agus an-ghreannmhar. Tá sé lonnaithe i Meiriceá. Is breá liom bheith ag féachaint ar TG4 freisin. Féachaim ar Ros na Rún agus ar Aifric, agus anois is arís féachaim ar chlár faisnéise le mo mháthair.
Agallóir
An-mhaith. Agus an gcaitheann tú mórán ama ar an ríomhaire ar shuíomhanna ar nós Facebook, mar shampla?