•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Cúig Suirbhé ranga
Scríobh do fhreagraí féin ar na ceisteanna seo agus ansin cuir na ceisteanna ar dhuine eile sa rang.
Cad iad na meáin chumarsáide is mó a úsáideann tú? Teilifís, nuachtáin, irisí, fón póca, raidió, Idirlíon, suíomhanna sóisialta (ar nós Facebook) Freagra: Is iad ________ na meáin is mó a úsáidim.
Cé mhéad ama a chaitheann tú gach lá: (a) ag féachaint ar an teilifís? (b) ag éisteacht leis an raidió? (c) ar an Idirlíon? (d) ar d’fhón póca?
(e) ag léamh nuachtán/irisí?
Freagra samplach Caithim…ag féachaint ar an teilifís. Éistim le mo iPod ar an mbus. Caithim…ar an Idirlíon/ar m’fhón póca. Ní léim an nuachtán riamh./Léim an nuachtán gach lá/uaireanta/ anois is arís.
Cén sórt clár teilifíse a thaitníonn leat?
Is maith liom cláracha spóirt/cheoil, cláracha nuachta/cláracha faisnéise/sobalchláir/ cláracha ghrinn/cartúin/sraithchláir/cláracha bhleachtaireachta ar nós …
Cad é an clár teilifíse is fearr leat?
(a) Is é … an clár teilifíse is fearr liom. Is breá liom é mar... (b) Is é/iad an/na príomhcharachta(i)r. Tá sé suite i …, baineann sé le... (c) Bíonn sé ar siúl gach.../ar... (d) An éisteann tú leis an raidió?
(e) Cén stáisiún raidió lena n-éisteann tú? Cén fáth? (f) Cén sórt scannán a thaitníonn leat?
(g) Inis dom faoin scannán is fearr dá bhfaca tú riamh. (h) An gcaitheann tú mórán ama ar shuíomhanna sóisialta ar nós Facebook? (i) Cad é an nuachtán/iris is fearr leat?
Anois, inis don rang faoi na cláracha a thaitníonn leat. 140 TUMADH TEANGA