•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Cúig Friotal
Úsáideann an file friotal nádúrtha, dúchasach, fileata sa dán. Baintear úsáid as nathanna aitheanta ar bhealach úr. Mar shampla, d'aithneodh an léitheoir an nath:, ‘Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní’ ach athraíonn sise é go ‘níl mo ghrá- sa mar bhláth na n-airní’. Déantar tagairt do nathanna ón mBéarla: ‘pushing up daisies’ (‘noiníní...as a chluasa a fhásfaidh siad’) agus ‘six feet under’ (‘ocht dtroigh síos’). Tá an file ag cur a stampa féin ar na nathanna seo i nGaeilge.
Cleachtadh scríofa
Cén fáth a n-úsáideann sí an focal ‘WIRE’ agus cén fáth a bhfuil sé scríofa i gceannlitreacha, i do thuairim?
Meadaracht
Is í an tsaorvéarsaíocht an mheadaracht a chleachtar sa dán seo. Úsáideann an file rímeanna agus rithimí a théann i bhfeidhm ar an gcluas. Mar shampla: ‘Níl mo ghrá-sa/mar bhláth na n-airní/a bhíonn i ngairdín' agus sa véarsa deiridh tá comhfhuaim thaitneamhach idir 'úlla', 'ghiúmar', 'fíniúna'. Tá sampla d’uaim sa cheathrú véarsa, ‘más slim é síoda’ agus tá sampla d’aicill sa chéad véarsa: ‘Níl mo ghrá-sa/mar bhláth...’
Ceisteanna scrúdaithe
1. Cad é téama an dáin seo agus conas a chuirtear os ár gcomhair é? 2. Scríobh nóta ar theideal an dáin agus ar an úsáid a bhaineann an file as lúibíní. 3. Cén sórt pictiúir dá grá a chuirtear os ár gcomhair sa dán seo? 4. Déan trácht gairid ar an úsáid a bhaineann an file as codarsnacht agus as friotal sa dán.
5. ‘Is léir tionchar an Bhéarla ar an dán seo. Baineann an file úsáid as saibhreas cultúrtha an dá theanga – Gaeilge agus Béarla – sa dán seo.’ É sin a phlé.