San alt seo is féidir na cúiseanna a thabhairt: • Cad is cúis leis (an mbochtaineacht/an gcoiriúlacht/an slad ar na bóithre, srl)?
• Ar ndóigh, mar a deir an seanfhocal: ‘Níl sprid ná púca nach bhfuil fios a chúise aige’ (There’s a reason for everything)
• Is iomaí cúis atá leis ... • Cúis amháin is ea... • Cúis eile is ea... • Is í an chúis is mó atá leis, dar liom, ná... • Táid ann a deir gurb é/í ... is cúis leis... • Ní féidir a shéanadh go bhfuil baint, nach beag, ag … le(is)… • Tá tionchar ag … ar
Alt 5
An réiteach atá air, cad ba chóir a dhéanamh? • Conas is féidir an cheist achrannach seo a fhuascailt?/an fhadhb seo a réiteach? • Cad é réiteach na faidhbe nó an bhfuil réiteach ar bith ar an scéal? • Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo. • Caithfear réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. • Ar an gcéad dul síos, ceapaim féin gur chóir go / gur cheart go... • Ba chóir… (mar shampla: ba chóir bia níos sláintiúla a ithe) • Ba cheart … (mar shampla: ba cheart dlíthe níos déine a chur i bhfeidhm) • Caithfear … (mar shampla: caithfear níos mó a dhéanamh chun…) • Ní mór (mar shampla: ní mór iarracht a dhéanamh) • Ceapaim féin gur chóir go/gur cheart go
Is féidir an Modh Choinníollach a úsáid anseo:
Ceapaim gur chóir go mbeadh … níos mó béime ar/dlíthe níos déine ann/níos mó áiseanna agus acmhainní ann
Alt 6 Focal scoir. Anseo ba chóir achoimre a thabhairt ar na pointí a rinne tú san aiste:
• San aiste seo labhair mé faoi ... Luaigh mé ... Phléigh mé ... Agus thug mé (aimisir chaite)
• Níl aon dabht ach gur ceist achrannach í an cheist seo. • Níl aon réiteach simplí ar an scéal. • Mar a deir an seanfhocal ‘Ní lia duine ná tuairim’. • Tá sé in am ag an rialtas beart a dhéanamh de réir a mbriathar agus a ngeallúintí a chomhlíonadh.
• Muna ndéantar rud éigin faoin scéal, is dúinne is measa é. • Más mall is mithid