CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Mo Chlann
An ghramadach i gcomhthéacs 3. An tAinmfhocal
Bíonn ainmfhocail i nGaeilge baininscneach nó firinsneach. • Tar éis ‘an’ bíonn seimhiú ar ainmfhocail bhaininscneacha.
Baininscneach
An bhean An chlann
Firinscneach An fear
An múinteoir (fiú más bean an múinteoir)
• Ní bhíonn séimhiú ar fhocail a thosaíonn le d, n, t nó l. Tugtar ‘dentals’ orthu seo.
Baininscneach An tír
An duilleog Firinscneach
An teach An doras
• Tar éis ‘an’ bíonn ‘t’ roimh ainmfhocal firinscneach a thosaíonn le guta. Baininscneach
Firinscneach
An áit An iníon
An t-údar An t-athair
• Tar éis ‘an’ bíonn ‘t’ roimh ainmfhocal baininscneach a thosaíonn le ‘s’. Baininscneach
An tseachtain An tsráid
Tabhair faoi deara
Níl aon ‘a’ sa Ghaeilge: a poet = file the poet = an file
Faigh amach an bhfuil na focail seo baininscneach nó firinscneach. Féach ar www.focal.ie nó i d’fhoclóir agus scríobh na focail bhaininscneacha i gcolún amháin agus na focail fhirinscneacha i gcolún eile.
Cuir ‘an’ rompu agus déan pé athrú is gá: ábhar iníon scoil áit