CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Sláinte agus Spórt Ceacht 2 Athscríobh an sliocht seo agus cuir an leagan ceart den bhriathar isteach.
(Maraigh) bean óg agus (gortaigh) a fear céile go dona aréir nuair a chuaigh carr ó smacht ag droch choirnéal gar do Dhún Dealgan, Co. Lú. Deir finné gur (iompaigh) an carr bunoscionn. (Tóg) an lánúin go hOtharlann Mhuire i nDroichead Átha, áit a (faigh) amach go raibh an bhean marbh cheana féin. (Déan) scrúdú iarbháis uirthi agus (abair) gur (bris) a muineál sa timpiste.
Ceacht 3 Athscríobh an sliocht seo agus cuir an leagan ceart den bhriathar isteach.
(Oscail) ionad spóirt nua i mBaile Munna an Aoine seo caite. (Cuir) fáilte roimh an Aire Spóirt agus labhair sé leis an slua a bhí bailithe don ócáid. Dúirt sé gur (déan) faillí ar an gceantar seo le fada ach gur (socraigh) le déanaí infheistíocht a dhéanamh in áiseanna agus in acmhainní don phobal chun é seo a chur ina cheart. ‘(Caith) go dona le muintir Bhaile Munna’, ar sé. ‘(Déan) leatrom ar an gceantar agus d’eascair fadhbanna móra dá bharr. Ach is í seo an chéad chéim i bpolasaí athnuachana an cheantair.’ (Tabhair) bualadh bos mór dó nuair a chríochnaigh sé a óráid. (Cuir) bia agus siamsaíocht ar fáil don slua ina dhiaidh sin.
Ceacht 4 Athscríobh na habairtí seo agus cuir an leagan ceart den bhriathar isteach.
1. Le deich mbliana anuas (déan) faillí ar na hospidéil réigiúnacha agus (dún) go leor acu.
2. (Tabhair) chun na cúirte é agus (cúisigh) é le tiomáint dháinséarach. 3. (Caith) go dona leis na teifigh sa tír seo agus (cuir) a lán acu ar ais go dtí a dtír dhúchais, cé gur raibh siad i mbaol ann.
4. (Cuir) an dlí ar roinnt coirpeach ach chuaigh go leor acu thar lear. 5. De réir na staitisticí, (maraigh) 260 duine ar na bóithre anuraidh agus (gortaigh) a lán eile.