Tá athrú mór tagtha ar an teaghlach in Éirinn le caoga bliain anuas. An rud is suntasaí faoin lá inniu ná go bhfuil an colscaradh dleathach anois agus go bhfuil teaghlaigh chumaisc (blended families) níos coitianta.
Mír 1.11 T11
An gceapann tú go bhfuil tionchar aige seo ar an tsochaí? Cén sórt tionchair é? Léigh an dán seo a leanas agus pléigh an téama.
Colscaradh
Shantaigh sé bean i nead a chine faoiseamh is gean ar leac a thine, aiteas is greann
i dtógáil chlainne.
Shantaigh sí fear is taobh den bhríste, dídean is searc is leath den chíste, saoire thar lear is meas na mílte.