•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Sé
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn:
gan dabht freisin
Cleachtadh scríofa
Cén chanúint inar scríobhadh an t-alt seo? Scríobh na focail aibhsithe i do chóipleabhar agus foghlaim.
Ceisteanna
1. (a) Conas a thiocfaidh titim ar líon na ndaoine a mharaítear ar an mbóthar, dar le húdar an ailt?
(b) Cad atá difriúil faoi bhás a tharlaíonn de bharr timpiste bhóthair? (Alt 1)
2. (a) Cad iad na cúiseanna a luaitear le bás ar na bóithre? (b) Cén fáth a mbíonn díomá ar dhaoine?
3. (a) Cad a deirtear san alt seo faoi fhir óga? (b) Cad iad na cúiseanna a mbíonn fir óga i dtimpistí bóthair?
4. (a) Cén chaoi ar féidir dul i bhfeidhm ar fhir óga, dar leis an údar? (b) Cén cead ar chóir a bheith ag an nGarda Síochána?
5. (a) Cén teicneolaíocht nua a chuirfeadh feabhas ar an scéal? (b) Cén sórt duine é údar an ailt, i do thuairim? Tabhair cúiseanna le do tuairim.
Ceapadóireacht: alt nuachtáin/irise
Tá fearg ort le údar an ailt mar go gcuireann sé an milleán ar fhir óga faoin sléacht ar na bóithre. Scríobh alt ag tabhairt do thuairim ar an scéal agus ag cosaint fir óga (Féach ar lth 438). Is féidir na pointí seo a leanas a úsáid:
• Tá Éire sa seachtú háit anois as 27 tír san Eoraip maidir le sábháilteacht ar na bóithre.
• Caithfidh tiománaithe óga ceachtanna tiomána a thógáil sular féidir leo scrúdú tiomána a dhéanamh, rud nach raibh ar thiománaithe níos sine a dhéanamh, mar sin tá tiománaithe óga níos oilte ná tiománaithe níos sine.
• Déanann comhlachtaí árachais éagóir ar fhir óga. Bíonn costas i bhfad ró-ard ar a gcuid árachais. Níl sé sin ceart na cóir ar thiománaithe óga a thiomáineann go cúramach.
• Ní thiomáineann tiománaithe óga nuair a bhíonn alcól ólta acu. Faigheann siad tacsaí.
• Téigh ar an Idirlíon agus faigh staitisticí agus tuairiscí eile a threiseoidh do chuid argóintí agus déan cur i láthair ranga faoi.